Téigh ar aghaidh chuig an ábhar
  • Baile
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideachFan nascthaCruthaigh pobalCuir tú féin in iúlWhatsapp do ghnó
  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
  • Le haghaigh gnó
  • Íoslódáil
Íoslódáil
Téarmaí & Polasaí Príobháideachais2024 © WhatsApp LLC
Príomhleathanach WhatsAppPríomhleathanach WhatsApp
    • Seol teachtaireachtaí go príobháideach

      Criptiú ó cheann go ceann agus rialtáin phríobháideachas.

    • Fan nasctha

      Cuir teachtaireachtaí agus glaonna saor in aisce* ar fud an domhain.

    • Cruthaigh pobal

      Comhráite grúpa simplí.

    • Cuir thú féin in iúl

      Úsáid greamáin, teachtaireachtaí béil, GIFanna agus tuilleadh chun tú féin a chur in iúl.

    • WhatsApp business

      Déan teagmháil le do chustaiméirí ó áit ar bith.

  • Príobháideachas
  • Ionad Cabhrach
  • Blag
  • Do Ghnólachtaí
  • WhatsApp ar an nGréasán
  • Íoslódáil
Íoslódáil

Sábháilte d'aon ghnó

Chun tú a choinneáil sábháilte, tá eispéireas curtha teachtaireachtaí agus glaonna deartha againn leis an tslándáil is fearr a chur i lár an aonaigh, tá uirlisí nuálacha tógtha againn chun an smacht a thabhairt duit, agus bímid anseo chun tacú leat nuair a theastaíonn uait é.

Tugann slándáil ionsuite suaimhneas intinne duit chun díriú ar nascadh le gaolta agus cairde leat.

Príobháideacht réamhshocraithe

Ní féidir le duine ar bith d'uimhir theileafóin a chuardach ná do theachtaireachtaí pearsanta a léamh.

Aimsiú uathoibríoch
turscair

Déanaimid sainaithint ar an gcuid is mó de na cuntais turscair agus scéiméireachta agus bainimid iad sula bhféadann siad teagmháil a dhéanamh leat nó sula dtuairiscíonn aon duine iad.

Foláirimh réamhghníomhacha
shlándála

Iarraimid ort d'aitheantas a fhíorú má bhraithimid aon iarrachtaí amhrasacha nó neamhúdaraithe chun do chuntas a ghoid.

Bíodh an smacht agatsa

Bain triail as na rudaí éasca seo a chuirfidh sraitheanna breise cosanta leis chun cosc a chur ar haiceálaithe agus ar chaimiléirí do chuntas agus do chuid sonraí a ghoid.

Cumasaigh fíorú dhá chéim

Socraigh PIN rúnda agus ná roinn le duine ar bith é chun cosc a chur ar dhuine éigin do chuntas a ghoid.

Tuilleadh faisnéise

Bain úsáid as an WhatsApp oifigiúil i gcónaí

Má úsáideann tú leaganacha bréige de Whatsapp, cruthaítear rioscaí tromchúiseacha príobháideachais agus slándála do do chuntas agus do shonraí.

Tuilleadh faisnéise

Coinnigh do ghrúpaí slán

Rialaigh cé na daoine ar féidir leo tú a chur le grúpaí agus cé na daoine ar féidir leo a bheith páirteach i do ghrúpaí, agus bain baill nó teachtaireachtaí nuair is gá.

Tuilleadh faisnéise

Foghlaim conas camscéimeanna a thabhairt faoi deara

Cuir eolas ar chamscéimeanna coitianta agus bíodh a fhios agat conas is féidir leat tú féin agus do mhuintir a chosaint.

Tuilleadh faisnéise

Bímid ag súil le rioscaí nua agus téimid i dtaithí orthu gan mhoill. Cuirimid uirlisí ar fáil duit le tacú leat nuair a theastaíonn uait é.

Tuairiscigh iompar amhrasach

Nuair a thuairiscíonn tú teachtaireachtaí, daoine nó gnólachtaí, cabhraíonn tú linn WhatsApp a choinneáil slán sábháilte do chách. Ná bíodh imní ort, ní chuirfimid an seoltóir ar an eolas.

Tuilleadh faisnéise

Cuir bac ar theagmháil gan iarraidh

Má chuireann duine éigin nach bhfuil tú ag iarraidh labhairt leis teachtaireachtaí chugat, níl le déanamh ach bac a chur air agus cinnteoimid nach bhfaighidh tú teachtaireachtaí ná glaonna uaidh a thuilleadh.

Tuilleadh faisnéise

Aisghabh do chuntas

Má chaill tú rochtain ar do chuntas, athchláraigh d'uimhir theileafóin. Tá na comhráite ón am atá thart sábháilte ar do ghuthán agus ní féidir le haon duine atá ag iarraidh rochtain a fháil ar do chuntas iad a léamh.

Tuilleadh faisnéise

An bhfuil tuilleadh cabhrach uait?

Féach na CCanna
Conas is féidir liom fanacht sábháilte ar WhatsApp?
Conas is féidir liom WhatsApp a úsáid go freagrach?
Conas is féidir liom mo chuntas WhatsApp a chosaint?
Conas a dhéileálann WhatsApp leis an mífhaisnéis?
Conas a chuireann WhatsApp cosc ar mhí-usáid le linn toghcháin?
Conas a bheidh a fhios agam an bhfuil mé ag comhrá le cuntas gnó ar WhatsApp?
Féach na CCanna
Íoslódáil
Príomhlógó WhatsApp
Príomhlógó WhatsApp
Íoslódáil
An rud a dhéanaimidGnéitheBlagSlándáilDo Ghnólachtaí
Cé muidMaidir linnGairmeachaLárionad BrandaíPríobháideachas
Úsáid WhatsAppAndroidiPhoneMac/Ríomhaire pearsantaWhatsApp ar an nGréasán
An bhfuil cabhair uait?Déan teagmháil linnIonad CabhrachÍoslódáilComhairleoirí Slándála
Íoslódáil

2024 © WhatsApp LLC

Téarmaí & Polasaí Príobháideachais
Mapa suímh